Seomra Ranga

Ag Athrú an Chainéil Teilifíse

Ag Athrú an Chainéil Teilifíse Sa chleachtadh seo samhlaíonn muid muid féin ag athrú an dearcadh nó an cur chuige atá againn nuair nach maith linn an iompar atá againn féin. Díreach mar a athraíonn muid an cainéal teilfíse sa bhaile nuair nach maith linn an clár teilifíse atá ar siúl. Cabhraíonn an cleachtadh seo …

Ag Athrú an Chainéil Teilifíse Read More »

An Feileacán Draíochta

An Feileacán Draíochta Sa chleachtadh seo samhlaíonn muid féileacán ag eitilt timpeall orainn.  Le cabhair ón bhfeileacán draíochta seo táimid chun ár n-aird agus ár n-aire a bhogadh timpeall ar bhaill an choirp. Ó bhall amháin go ball eile. Ar an gcaoi seo cabhraíonn an féileacán draíochta linn ár scíth a ligean agus an corp …

An Feileacán Draíochta Read More »

An Bodhla Draíochta

An Bodhla Draíochta Sa chleachtadh seo táimid chun babhla machnaimh a úsáid (Tibetan Singing Bowl) chun cabhrú linn a bheith dírithe ar an am i láthair. Cabhraíonn aireachas linn a bheith dírithe ar rud amháin ag an am. Sa chás seo beidh na páistí dírithe ar an bhfuaim a thagann ón mbabhla.  Spreagann an cleachtadh …

An Bodhla Draíochta Read More »

Aireachas le Seacláid

Aireachas le Seacláid Is féidir aireachas a chleachtadh le d’anáil, is féidir aireachas a chleactadh le fuaimeanna ach inniu tá muid chun aireachas a chleactadh le SEACLÁID!  Cabhraíonn an cleachtadh seo linn a bheith aireach ar an méid atá á ithe againn agus é a ithe go mall machnamhach in áit é a shlogadh siar …

Aireachas le Seacláid Read More »

Ag Aimsiú d’Ancaire Anála

Ag Aimsiú d’Ancaire Anála Sa chleachtadh seo tá muid chun cluiche anála a dhéanamh ar féidir linn úsáid a bhaint as aon am i rith an lae.  Cabhraíonn an cleachtadh seo linn muid féin a shuaimhniú nuair atá gach rud timpeall orainn craiceáilte. Nó má cheapann tú go bhfuil tú féin ag éirí fiáin agus …

Ag Aimsiú d’Ancaire Anála Read More »

Céard é aireachas?

Céard é aireachas? Mínítear san fhíseán seo céard is aireachas ann, cén fáth gur fiú aireachas a chleachtadh agus cén chaoi é a chleachtadh.

Aireachas ar an Anáil

Aireachas ar an Anáil Cleachtadh aireachais é seo ar an anáil. Tógann sé ar an ceachtanna eile ar fad go dtí seo. Ach sa chleachtadh seo ní gá an anáil a athrú in aon bhealach. Níl le déanamh ach d’aird a dhíriú ar an rithim anála. Níl aon rud eile le déanamh.. agus níl aon …

Aireachas ar an Anáil Read More »

Ag Comhaireamh Síos

Ag Comhaireamh Síos Sa chleachtadh seo comhaireann muid síos ó chúig chun an anáil a dhéanamh níos moille agus níos doimhne. Nuair dhéanann muid an anáil níos moille agus níos doimhne cabhraíonn sé linn an corp agus an intinn a shuaimhniú agus tugann sé sos don intinn le gur féidir linn ár n-aird a dhíriú …

Ag Comhaireamh Síos Read More »

Anáil an Choinín

Anáil an Choinín Sa chleachtadh seo déantar aithris ar an gcoinín. Is cleachtadh fuinniúil é seo is féidir a dhéanamh nuair atá na páistí marbhánta nó nuair atá tuirse orthu agus ba mhaith leat iad a dhúiseacht agus a spreagadh arís.   Cabhraíonn an iontógáil tapa d’ocsaigin linn muid féin a dhíriú arís agus tugann sé …

Anáil an Choinín Read More »

An Sféar Hoberman

An Sféar Hoberman Cabhraíonn an Sféar Hoberman linn muid féin a shuaimhniú agus an anáil a dhéanamh níos moille agus níos doimhne. Is struchtúr isicinéiteach é an Sféar Hoberman agus filleann sé isteach air féin. Tá cuma dhraíochtúil ar an gcleas seo agus cuireann sé daoine faoi gheasa.

Scroll to Top