Óga Yoga

Ag Múineadh Yoga & Aireachais i nGaelscoileanna ó 2012 ar aghaidh.

Cad a dhéanann muid

Freastalaíonn Óga Yoga ar dhaoine ar gach aois grúpa ar mhaith leo tabhairt faoin yoga agus an t-aireachas as Gaeilge.

Yoga do Scoileanna

Cuireann Óga Yoga cúrsaí yoga agus aireachais ar fáil ar scoil agus ar líne do scoileanna timpeall na tíre.

Yoga do Dhaoine Fásta

Is féidir yoga a fhoghlaim agus a chleachtadh sa bhaile leis an mbuncúrsa 10 seachtaine atá oiriúnach do dhaoine atá ag tosú amach leis an yoga.

Cuairteanna Scoile

Tá Óga Yoga paiseanta faoin yoga a chur chun cinn i measc na hóige ar bhealach spraíúil nuálach. Ó 2012 i leith tá breis agus 40,000 dalta tar éis cúrsaí agus ceardlanna a dhéanamh linn.

Ar an Teilifís

Bíonn Ciarán le feiceáil go rialta ar TG4 agus ar RTÉjr ag cur míreanna yoga i láthair do pháistí.

Irish Language on TV

Teistiméireachtaí

Cad atá á rá ag daoine fúinn

Tháinig Ciarán isteach chugainn le linn Seachtain na Gaeilge anuraidh.  Bhain gach rang fíor thaitneamh as an lá agus rinne sé cinnte go raibh gach ceacht oiriúnach don aoisghrúpa. Ní Gaelscoil muid ach bhí bealach an mhaith, spraíúil, cumarsaideach le Ciarán agus dá bhrí sin ní raibh deacracht ar bith ag na páistí. Tá an spraoi agus craic i gceist ach tá Ciarán an-phroifisiúnta chomh maith. Tá muid ag súil go mór leis an mbliain seo chugainn. Go raibh míle a Chiaráin.

Síle Ní Chathain

Múinteoir, St Coen’s Rathnew

Tá bealach nádúrtha ag Ciarán a oireann go mór do na páistí agus éisteann siad leis go cúramach.  Is aoibhinn leis na páistí é agus bíonn siad an-socair agus séimh tar éis an ióga.

Caitríona Ní Mhurchú

Múinteoir, Scoil Lorcáin

Tá an Ghaeilge agus an aclaíocht fíor-thábhachtach do Ghaeilgeoirí Óga agus scoileanna dúnta. Tá an t-ádh dearg linn go bhfuil fáil ag páistí Scoil Uí Dhálaigh agus imreoirí Na Gaeil Óga CLG ar na ceachtanna curtha ar fáil ar YouTube ag Ciarán. Tá deis anois ag páistí agus tuismitheoiri na haltanna a lúbadh agus sult a bhaint as (nó roinnt fulaingt!!) as Gaeilge! Taitníonn luas, stíl agus atmaisféar na ceachtanna go môr le páistí – is cuma faoin aois nó faoin leibhéal! Lean leo a Chiaráin!

Ciarán Ó Raghallaigh

Príomhoide, Scoil Chearbhaill Uí Dhálaigh

Tá Ciarán agus foireann Óga Yoga ag teacht amach chugainne ar feadh roinnt blianta anois.  Baineann na gasúir an-sult as na ceachtanna ióga agus bíonn siad ag súil go mór leo gach seachtain.  Cuidíonn na ceachtanna leo lena gcuid scileanna mórluaileacha a fhorbairt.  Cuidíonn siad leo fosta, go háirithe na gasúir sna meán agus sna hardranganna, an intinn a ghlanadh ó smaointí eile agus díríu ar an mbogadh coirp, rud a chabhraíonn leo a bheith suaimhneach le linn agus i ndiaidh an cheachta.  Tá sé go hiontach ar fad gur féidir linn an deis seo a thabhairt dár ndaltaí go hiomlán trí mheán na Gaeilge.

Rita Ní Thuathail

Príomoide, Gaelscoil na gCloch Liath

I have know Ciarán both as an athlete I coach and a yoga teacher. In both contexts, he is nothing short of a pleasure. Ciarán brings his own attention to detail as an athlete into his approach to teaching yoga. In the instructions I have experienced personally and what I have seen him deliver to athletes I work with he is always striving to make his approach as relevant and beneficial for his students.

Clíodhna O’Connor

Dublin Senior Hurling Coaching Staff

Ciaran playfully and passionately weaves storytelling magically into movement. He has a flair for capturing the childrens attention and putting them at ease, that even the shyest child comes out of his shell and participates. A crusader for creativity, fitness and movement he guides the children into many animal shapes using the creativity and magic only yogis know when they are on their magical mats.

Siobhán Cahill

St Joseph’s SNS Ballymun
Scroll to Top