Cad a dhéanann muid
Freastalaíonn Óga Yoga ar dhaoine ar gach aois grúpa ar mhaith leo tabhairt faoin yoga agus an t-aireachas as Gaeilge.

Yoga do Scoileanna
Cuireann Óga Yoga cúrsaí yoga agus aireachais ar fáil ar scoil agus ar líne do scoileanna timpeall na tíre.

Yoga do Dhaoine Fásta
Is féidir yoga a fhoghlaim agus a chleachtadh sa bhaile leis an mbuncúrsa 10 seachtaine atá oiriúnach do dhaoine atá ag tosú amach leis an yoga.
Cuairteanna Scoile
Tá Óga Yoga paiseanta faoin yoga a chur chun cinn i measc na hóige ar bhealach spraíúil nuálach. Ó 2012 i leith tá breis agus 40,000 dalta tar éis cúrsaí agus ceardlanna a dhéanamh linn.

Ar an Teilifís
Bíonn Ciarán le feiceáil go rialta ar TG4 agus ar RTÉjr ag cur míreanna yoga i láthair do pháistí.

Teistiméireachtaí
Cad atá á rá ag daoine fúinn
Síle Ní Chathain
Tá bealach nádúrtha ag Ciarán a oireann go mór do na páistí agus éisteann siad leis go cúramach. Is aoibhinn leis na páistí é agus bíonn siad an-socair agus séimh tar éis an ióga.
Caitríona Ní Mhurchú
Tá an Ghaeilge agus an aclaíocht fíor-thábhachtach do Ghaeilgeoirí Óga agus scoileanna dúnta. Tá an t-ádh dearg linn go bhfuil fáil ag páistí Scoil Uí Dhálaigh agus imreoirí Na Gaeil Óga CLG ar na ceachtanna curtha ar fáil ar YouTube ag Ciarán. Tá deis anois ag páistí agus tuismitheoiri na haltanna a lúbadh agus sult a bhaint as (nó roinnt fulaingt!!) as Gaeilge! Taitníonn luas, stíl agus atmaisféar na ceachtanna go môr le páistí – is cuma faoin aois nó faoin leibhéal! Lean leo a Chiaráin!
Ciarán Ó Raghallaigh
Tá Ciarán agus foireann Óga Yoga ag teacht amach chugainne ar feadh roinnt blianta anois. Baineann na gasúir an-sult as na ceachtanna ióga agus bíonn siad ag súil go mór leo gach seachtain. Cuidíonn na ceachtanna leo lena gcuid scileanna mórluaileacha a fhorbairt. Cuidíonn siad leo fosta, go háirithe na gasúir sna meán agus sna hardranganna, an intinn a ghlanadh ó smaointí eile agus díríu ar an mbogadh coirp, rud a chabhraíonn leo a bheith suaimhneach le linn agus i ndiaidh an cheachta. Tá sé go hiontach ar fad gur féidir linn an deis seo a thabhairt dár ndaltaí go hiomlán trí mheán na Gaeilge.
Rita Ní Thuathail
I have know Ciarán both as an athlete I coach and a yoga teacher. In both contexts, he is nothing short of a pleasure. Ciarán brings his own attention to detail as an athlete into his approach to teaching yoga. In the instructions I have experienced personally and what I have seen him deliver to athletes I work with he is always striving to make his approach as relevant and beneficial for his students.
Clíodhna O’Connor
Ciaran playfully and passionately weaves storytelling magically into movement. He has a flair for capturing the childrens attention and putting them at ease, that even the shyest child comes out of his shell and participates. A crusader for creativity, fitness and movement he guides the children into many animal shapes using the creativity and magic only yogis know when they are on their magical mats.